Colúin

M’ábhair spéise. Faigh tuilleadh amach faoi mo throid ar son athrú forásach.

Ceist a chur

maria-walsh-empl

Meabhairshláinte / Oscailte

Soláthar níos fearr a chinntiú ar sheirbhísí forghníomhacha meabhairshláinte dár saoránaigh, go mór mór dár ndaoine óga. Idirphlé rathúil agus oscailte i dtaca le sláinte mheabhrach agus folláine a spreagadh. Ní mór labhairt faoi agus feiceálacht a ardú. Tá sé fíorthábhachtach go dtacódh muidne mar lucht déanta polasaithe le fostóirí le cur ar a gcumas a bhfostaithe a threorú i dtreo dea-chleachtais meabhairshláinte agus folláine.

Talmhaíocht /Tuaithe= Uirbeach

Ina chuid riachtanach de mo phlean uaillmhianach do thoghcheantar Lár na Tíre – an Iarthuaiscirt tá tacaíocht do líon níos mó ban sa bhfeirmeoireacht agus déileáil le dífhostaíocht an lucht óige trí nuálaíocht agus éagsúlú feirme. Treochlár cuimsitheach a chur le chéile a áiríonn polasaithe cothrom talmhaíochta ach a chaomhnaíonn ár bpláinéad ag an am céanna. Bhí ár bpobail fheirmeoireachta ina gcaomhnóirí ar ár dtailte leis na céadta bliain. Ní mór dúinne tacú lena gcuid oibre ar an mbealach is féaráilte gur féidir linn.

maria-walsh-culture
maria-walsh-libe

Comhionannas do Chách / Duine = Chuile Dhuine

Tá troid ar son an chomhionannais ina chuid riachtanach de mo chuid oibre mar Fheisire de chuid Pharlaimint na hEorpa. Tá sé an-tábhachtach i gcás athrú forásach go n-ardófaí feasacht dár bpobal ‘Rainbow’ agus go n-idirghníomhófaí lenár saoránaigh óga, go mór mór sna tíortha a bhfuil deacracht mhór acu le comhionannas LADTI. Ní mór go mbeadh na cearta céanna ag ár dteaghlaigh ‘Rainbow’ le gach teaghlach eile. Caithfimid deireadh a chur le teiripe tiontúcháin in Éirinn agus ar fud an AE. Ní mór dúinn freisin stair a chur ina cheart agus cionta a cuireadh i leith saoránaigh LADTI+ go héagórach a scrios. Guth níos láidre a chinntiú do mhná agus do chailíní ar fud na hEorpa maidir le cúrsaí ar nós foréigean inscnebhunaithe, feirmeoireacht agus fostaíocht.

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa / Glacacht = Athrú

Creidimse, mar an FPE is óige de chuid na hÉireann, sa Tionscadal Eorpach. Tá sé tábhachtach dúinn uilig ó thaobh creidiúint i mbunphrionsabail an AE- síocháin, rathúnas, deiseanna agus comhionannas – go spreagfaí saoránaigh le páirt a ghlacadh agus smaointe a roinnt faoin gcaoi a bhféadfadh an AE oibriú níos fearr dóibh. Ba mhaith liomsa agus le m’Fhoireann imeachtaí a eagrú ar fud an toghcheantair le go gcruthófar comhrá fiúntach maidir le bhur dtuairimí ar Thodhchaí an Aontais Eorpaigh. Tá muid diongbháilte cloisteáil ó shaoránaigh faoin Eoraip gur mhaith leo cónaí, staidéar agus fás suas ann.

maria-walsh-mental-health-matters
Maria Walsh mental-health-wellbeing

AERÁID

Tá a fhios agam go bhfuil deiseanna agus féidearthachtaí iontacha ann dár bhfiontraithe i ndáil le forbairt agus athshamhlú tionscnamh glas a chuireann Lár na Tíre agus an tIarthuaisceart i gceartlár ár dtodhchaí inmharthana. Feicim ár réigiún, ní i mbun iomaíochta laistigh den gheilleagar ciorclach, ach dá threorú. Cuirfidh mé tacaíocht gnó in áit inár n-earnálacha agraibhia agus turasóireachta trasna Lár na Tíre – an Iarthuaiscirt le cinntiú go n-éireoidh leis an mian fhiontraíochta seo.