Maria Walsh_BabyPhoto

Rugadh i mBostún, Massachusetts mé. I 1994 bhog mé féin agus mo thuismitheoirí, Noreen agus Vincent, chuig sráidbhaile Shruthair i gCo. Mhaigh Eo. Bhí cónaí orm ansin le mo thriúr siblíní Kevin, Eileen agus Michael. Mhothaíomar an-mhuintearas leis na daoine ansin agus spreagadh luachanna ar nós comhoibriú, cuimsiú agus meas. I ngan fhios dom, threoraigh na luachanna seo mo chuid oibre.

Maria Walsh_GradPhoto

Thosaigh mé m’aistear oideachais le Baitsiléir Ealaíon san Iriseoireacht agus Meán Amhairc ó Choláiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath. Tar éis dom mo chéim a bhaint amach in 2009 chuaigh mé ar aghaidh chuig post i léiriú teilifíse agus bainistíocht chruthaitheach agus d’oibrigh mé i mBaile Átha Cliath, i gCathair Nua Eabhrac agus Filideilfia.

maria-walsh-early-life-temp

In 2014, ghlac mé páirt i bhFéile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí, comóradh ar mhná óga d’oidhreacht Éireannach ar fud an domhain. Le linn mo ról bliana mar ambasadóir, d’oibrigh mé le roinnt eagraíochtaí agus carthanais ar mhaithe le cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn mar aon le teacht ar sheirbhísí níos fearr meabhairshláinte.

Tharraing go leor de na grúpaí seo aird ar obair dhaonnúil na hÉireann sa Tansáin, i nGána, sa Bhealarúis, an India agus san Afraic Theas. Toisc gur ball mé den phobal ‘Rainbow’ tá an-suim agam feasacht a ardú trasna an phobail LADTI+. Labhair mé le pobail, gnólachtaí agus daoine óga ar fud na tíre chun tuiscint a mhéadú agus comhionannas a spreagadh.

National Papers Taoiseach in Shrule Co Mayo 10352

Suas go dtí Iúil 2019, b’onóir dom a bheith i mo bhall d’Óglaigh Chúltaca na hÉireann sa Chéad Scuadrún Marcra Armúrtha, lonnaithe sa Churrach i gCo. Chill Dara. De bharr a bheith páirteach sna hÓglaigh Cúltaca d’éirigh mé muiníneach agus fuair mé tuiscint níos fearr ar obair foirne, agus cé nár chaith mé tréimhse rófhada mar Chúltacaí ba mhór an onóir dom m’Oiliúint 2 Réalta a chríochnú.

maria-walsh-europe

In 2019, mar thús le mo ghairm polaitíochta, toghadh mé mar Fheisire de chuid Pharlaimint na hEorpa don toghcheantar Lár Tíre agus an Iarthuaiscirt. Is comhalta d’Fhine Gael in Éirinn mé agus suím i nGrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh. Is lánchomhalta mé ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ar an gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus comhalta ionaid den Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile. Chomh maith leis sin is mé ionadaí na hÉireann ar Pháirtí an Phobail Eorpaigh agus ar an Toscaireacht don Chaidreamh leis na Stáit Aontaithe agus le Grúpaí Stáit na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin.