Toghcheantar

Ceist a chur

Cuimsíonn Toghcheantar Lár na Tíre agus an Iarthuaiscirt na contaetha seo – Maigh Eo, Gaillimh, Ros Comáin, Sligeach, Liatroim, An Longfort, Dún na nGall, an Mhí, an Iarmhí, Lú, An Cabhán agus Muineachán. De réir daonáireamh 2016, tá daonra 1,523,517 sa toghcheantar agus tá sé ar an imeall is faide siar den Aontas Eorpach!

Tá ceantair thuaithe agus uirbeacha sa toghcheantar agus ar na príomhcheantair uirbeacha tá Gaillimh, Droichead Átha, Dún Dealgan, An Uaimh, An Droichead Nua, An Nás, Baile Átha Luain, An Muileann gCearr, Cill Droichid agus Leitir Ceanainn. Tá réimse oileán ann freisin ar nós Acaill, Cliara (Co. Mhaigh Eo), Garmna, Inis Mór, Inis Meáin, Inis Oírr, Leitir Mealláin (Co. Na Gaillimhe), An Inis agus Árainn Mhór (Co. Dhún na nGall).